Insights

Féimheacht, an tacht um an dlí sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 agus Todhchaí na Féimheachta in Éirinn

Tháining an tAcht um Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 i bhfeidhm ar an 10ú Deireadh Fómhair 2011 de bhun Rialachán na gComhphobal Eorpach (Dócmhainneacht Phearsanta), 2002 (I.R. Uimhir 334 de 2002) agus téarmaí chonradh AE/CIA.

Is é an t-athrú is suntasaí den Acht nua ná go gearrann sé siar ar an tréimhse féimheachta ó dhá bhliain déag go cúig bliana. Mar a bhíodh sa sean-Acht (1988), ligeann alt 7 den Acht an deis do pháirtí iarratas a dhéanamh chun na cúirte, maidir le ordú dírithe ag an gcúirt orthú, ag lorg faoiseamh ar na coinníollacha a leanas; go n-íocfar:-

  1. caiteachais, táillí, agus costais na féimheachta, agus
  2. íocaíochtaí tosaíochta

Nó i gcás ina dheimhníonn an Chúirt:-

  1. go bhfuil eastát an fhéimhigh réadaithe go hiomlán,
  2. gur nochtadh gach maoin iarfhaighte, agus
  3. go bhfuil sé réasúnach agus cuí an t-iarratas a dheonú.

I mí Eanair na bliana seo, foilsíodh Cinne an Bhille Dócmhainneacht Pearsanta.  Tá seans mhaith go mbeidh an mBille os comhair an Oireachtais faoi mí Aibreán.  Dúirt an tAire Dlí agus Ceart, Comhionannas agus Cosaint, Alan Shatter ar an 10ú Deireadh Fómhair 2011 go mbéadh neart athchóirithe le teacht ar an gceist seo, agus nach bhfuil sa Bhille ach an chéad céim.

Is iad príomh-athruithe an Acht nua ná:

  1. Laghdaítear an tréimshe féimheacht ó cúig bliana go trí bliana
  2. Ordaíonn an Chúirt go ndéanfaidh an féimheach a chuid chreidiúnaithe a íoc ar feadh tréimshe cúig bliaina
  3. Ní bhainfidh an dlí féimheachta le haon fhiach níos lú ná €20,000

Bhí iarmhairtí crua ag baint le hordú féimheachta roimh Acht 2011. Anois áfach, is féidir le féimheach ordú urscaoilteach a fháil tar éis tréimhsé níos lú na leath an am a bhíodh i gceist roimhe seo. Is léir go bhfuil an rialtas ag iarradh eacnamaíocht na tíre a spreagadh leis an Acht seo.  Tá argóint le déanamh go bhféadfadh féimheach cabhrú le heacnamaíocht na tíre tríd dul arais i mbun gnó, seachas a bheith gafa ag ordú féimheachta.  Os gur gnó-eagraithe iad formhór na bhféimheach, tá an seans ann go ndéanfaidís níos mó maitheas don tír dá mbéadh siad ag obair.

Nil sé soiléir go fóill an bhfuil athraithe an Acht nó an Bille nua seo chun cursaí a feabhsú. Tá gach seans go mbeidh creidiúnaithe i  bhfad níos cúramaí faoin gnó a ndéanann siad le hiar-fhéimheach. Caithfear a bheith cúramach freisin nach mbainfear mí-úsáid as na hathruithe seo chun daoine mí-fheiliúnacha a scaoileadh ó na himpleachtaí féimheachta níos luaithe ná ba cheart.

Mar a dheireann an seanfhocail, “is maith an scéalaí an aimsir”. 

Más mian leat níos mó eolais faoin abhár seo, dean teagmháil le Paul Keane (pkeane@reddycharlton.ie) nó Joanne Cooney (jcooney@reddycharlton.ie).
jcooney@reddycharlton.ie


Keywords: News, Publication, Commercial Law, Commercial Litigation, Insolvency, Irish, Paul Keane

< Back to Insights